Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Leigheasanna na Seandaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le fághail ins na portaigh, baintear é i gcóir an Ruadh nuair a tá sé i ndon do duine é a teacht air.
    Nuair a bhíonns an leigheas seo dhá chur ar an lot ní fághthar aonduine istig ach an duine a bfuil sgill aige sa tinneas sin.
    Sé an leigeas a bhíos le tinneas fiacal cuireann na daoine frógh in na mbéal agus leagann siad ar an bfiacail a bhíonns ag preabadh é ag deirtear go bhfuil leigeas ins an obair sin.
    Bhí beirt fear ann fado agus sé an t-ainm a bhí orta Sean agus Diarmuidh, bí pluic Sheain athughaidh le dá fhiacal. Diar D'fhiafraigh Diarmuidh dó tuige a raibh sé atuigeadh agus dubhairt sé ar ais leis go raibh sé ann dona le dá fhiacal,
    Dubhairt Diarmuidh go raibh leigeas aige dó ach nac n-innseochadh sé an leigeas dhó, ach go ndéanfadh sé dhó é agus seo é an leigheas a rinne sé dhó.
    "An athru a thug Diarmad domsa
    An athrú gan iarraidh gan athchuinge
    An pian atá i bfas i d'fhiacail
    Go n-athrúghadh siar i do carbad".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoige Mhicheál
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe