Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcaracán gach uair a teigeann siad thart. Ní thagann an oireadh daoine go Maímín agus a thagad san am fadó. Tagaidís loistin i dtighthe a bhíodh í ngar den tobar. Tagann cuid aca i ngluaistean freisin. Cuireann cuid acha airgead inns an tobar agus cuireann cuid eile acha píosa paidrín isteach ins an tobar. Tá balla deanta thart ar an tobar agus tá Crois curtha síos í mbarr an bhalla. Do bhí Aifreann cupla bliadain ó shoin ag tobar Maimín. Tá Coimrigeacht Naoimh Padraig inns an leabaidh.Bhí bean ann uair amháin agus do biodh tinneas fiachla í gcomnuidhe orrthí. Lá amháin tainigh sí go tobar Maimín agus d'fan sí lá agus oidhche ann do chuaidh sí abhaile annsin agus nior airig sí an tinneas fiacla ní ba mhó. Fuair mé an sgéal seo ó Peadar Seoíghe Mhichéal, Doire Béil a Mháma, Srath-Salach
- Faisnéiseoir
- Peadar Seoige Mhicheál
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhéal an Mháma, Co. na Gaillimhe