Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag cuartuigheacht i dteach comharsan oidhche amháin, agus bhí go timcheall na teineadh ann ag innseacht sgéalta. Bhí an oidhche an-dorcha agus an-cheoidhmhar.
Faoi cheann tamaill bhí sgéal tugtha uaidh ag gach duine agus h-iarradh ar seo sgéal a innseacht.
"Dheamhan sgéal agamsa, cá bhfuighinn é," ar seisean.
Ba é an saigheas fir a bhí ann, fear nach raibh céird ar bith aige agus ní raibh aon stuaim ann.
Ní innseóchadh sé aon sgéal agus ní raibh sé i bhfad nó go raibh an cómhluadar ag sgaipeadh agus 'chuile dhuine ag dul go dtí a bhaile féin.
Bhí an fear seo é féin ar a bhealach abhaile agus chuaidh sé amúgha 'san gcnoc, mar is ar thaobh an t-sléibhe a bhí a theach.
Bhí sé ag imtheacht nó go bhfaca sé solus tamall uaidh.
Rinne sé ar an solus agus céard a d'fheicfeadh sé acht teach beag.
D'iarr sé lóisdín agus fuair sé sin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe