Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1)
Is fada mé ag siúbhal,
Go mo ghoid as mo snuaidh,
Mná deasa, mná leanna,
Mná racaí ar dtús.
Níor leig mé mo rún
le aon duine aca siúd,
Acht mo chailín chiúin fháilidhe
'Sí Máire an Chúil Duinn.(2)
'S a Mháire an Chuil Duinn,
'S tú a d'fhág mo chroidhe tinn,
'S go mba bhinne do ghlórthaibh,
Ná an smóilín ar chraobh.
Ná lon-dubh an bhéil bhuidhe
'S an smóilín le n-a taobh,
'S gur bé sior-ceól na smóilín,
Thóig géar ghol mo chroidhe.(3)
Rachaidh mé síos
'S an áit a gcomhnuidheann mo mhian,
Más rómhain (rogha) liom í do phósadh
Ná an cópaí a sgríobh sí.
Le glór binn a cinn
Thug sí an rón mara ó'n tuinn,
Agus an dún-bhroc ó'n gceóidh-chnoc
'S an smóilín ó'n gcraobh.(4)
'S a Mháire na gciall
Cuirim do chómhdach ar Dhia(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhruig Ó Maoilchiaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe