Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Scéalta faoi Dhónall Ó Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí grádh mór ag Domhnaill Ó Conaill don tír seo Éire. Níor thaithnigh sé le na Sasanaigh agus rinneadar a lán iarracht é a mharbhú acht theip ortha.
    Lá amháin tugadh cuireadh dó dul go Sasana le a bheith í láthair ag fleadh mór. Cailín Gaedhealach a bhí ag freastal ortha agus nuair a bhí síad suidhte chun bhuird leabhar an cailín í Gaedhilg le Domhnaill agus dubhairt sí
    "A Domhnaill O Conaill an dtuigeann tú Gaedhilg."
    "Tuigim a chailín, cad é do sgéal-sa."
    "Tá Nimh í do chupán a marbhócadh na céadhta,"
    "Más fíor é do sgéal-sa a chailín, is maith é do spré-sé"
    Ní raibh fhios ag na Sasanaigh cad a bhí síad a rádh. Chuir Dhomhnaill a láimh in a pocha agus chaith sé a lán airgead faoi an mbord. Chuaidh na fir gá lorg agus nuair fuair Domhnaill an deis thug sé a cupán do fear, agus í lár na féasta cailleadh an fear leis an nimh agus d'eirigh le Domhnaill teacht as. Thug sé a lán saidhbhris don cailín mar buidheachas.
    (Pádraic Ó Ceannaigh, Doirín, Beál Atha Glúinin)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Ceannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Doirín, Co. na Gaillimhe