Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 059
  3. XML “Tiarnaí Talún na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba iad seo Tíghearnaí Talmhan na háite seo, O Ceallaigh i mBaile Nua, De Brún i Maighin O Bláka i mBéal Átha Gluinín agus í gCrumbhlin Blakeney in Abbert, Churcher i nGleann ibFeíl , De Róiste í nDrom a tSeagail agus Ffrench i gCaisleán Monivea.
    Ba é Blakeney as Abbert agus De Bláka as Beál Átha Gluinín an dá tíghearna talmhan ba mheasa. Do ruaigh Blakeney na daoine as a seilbh agus an meíd nár fág an tír do cuireadh isteach iad i lár portaigh Cluain Caoin, agus is ag na daoine sin a bhí an saoghal cruaidh. Ní raibh aca acht cúpla acra de'n talamh ba mheasa agus botháinín beag. Bhí sé de dúlgas ar na daoine obair a dhéanamh don tíghearnaí talamh ar sé pínghin in agaidh an lae. Bhí baile beag ar a dtugtaí Carramór in aice le talamh Blakney agus ní bheadh sé sásta go bhfuigheadh sé an talamh. Ba é bean Blakeney ba chionntach le díflaitheadh na daoine sin. Dheireadh sí go raibh droch boladh ó na tíghthe agus bhí sé 'gá crádh nó gur dhibhear a fear na daoine as Carramór, agus thóg sé an talamh dhó féin.
    Ba é Ó Ceallaigh an Tíghearna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge