Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 035
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh Ó Dúbháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí an fear thíos ann. Nuair a chuala an caiptín é seo dubhairt sé go mba cliste iad na é fhéin, agus dubairt sé go bpósadh sé cailín an tíghe. Pósadh iad agus bhí dala airgid aca.
- Sgéal.
An gaduidhe dubh ó DúbháinAon uair amháin bhí triúr clainne an rí ag imirt cártaí le na leas mháthair. Ní airgead a bhí ghá imirt aca ach geasa. Ghnóthuigh an máthair an chead chluiche, agus dubhairt sí leó go gcaithfheadh siad capaill na gcloigíní á thabhairt leó agus gan a theacht dhá fuireasa. D'imrigheadar cluiche eile agus ghnóthuigh clánn an rígh é, agus chuir siad an leas-mháthair faoí gheasa. Dubhairt siad lé dhul suas ar túr a bhí, sé stóir ar aoirde agus gan aon bhlas a ithe ach an méid a chuireadh an ghaoth isteach in-a béal. Dh'imthigh an triúr clánn an rígh agus ní raibh siad i bhfad ó bhaile nó gur an Gaduidhe Dubh ó Dúbháin leó. D'innis siad de'n ghaduidhe céard a thug an bealach iad. Bhí mise annsin cheana arsa an gaduidhe acht níor éirigh liom, acht má tá aon airgead agat, tiocfaidh mé i n-aonfheacht libh. Dimthigheadar leó agus nuair a bhí siad gar de'n áit a raibh an rígh, dubhairt an gaduidhe leó buidéil poitín a chuir in-a phóca agus sgloigeanaí na mbuidéil a fhágháil aníos, agus leigeann ortha fhéin go raibh siad ina gcodladh. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe