Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 007
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i gConnamara fadó ins an mbaile ar a dtugann siad Úirid ar, agus sé an t-ainm a bhí air ná Seán Buidhe an Úirid.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dtéighinn go dtí teach Sheáin Buidhe
i n third go bhfuighinn pota óir ann faoí sgeach atá ag béal an dorais ann. As go brathac le Seán abhaile agusfuair sé gró agus chair sé agus láige agus tosuigheann sé ag carta faoí ann sgeach.Scéal
“Bhí fear ina chomhnuidhe i n-Uachtar Árd fadó. Chuaidh sé amach lá ag gróige móna. Ní raibh se i bhfad amuigh nuair a tháinig fear sídhe go dtí é.”
Bhí fear ina chomhnuidhe i n-Uachtar Árd fadó. Chuaidh sé amach lá ag gróige móna. Ní raibh se i bhfad amuigh nuair a tháinig fear sídhe go dtí é. D'fhiarr an fear sídhe leis é go dtí a theach. Cé'n fáth go bhfuil tú mo iarraidh leat arsa fear Uachtar Árd. Ó d'fhiarr tú dhíom é, innseóchaidh mé sin dhuit anois. Tá muid féin agus dream eile sídhe le dhul ag bualadh báire amháireach agus teastuigheann fear ceart uaidh, cé'n dream againn le dhul ar cheann báire. Tá go maith arsa fear Uachtar Árd, rachadh mé in-aonfheacht leat agus fáilte.
Lá ar na mháireach ba leis an dream(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Gráinne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe