Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus bhí bó le díol aige agus chuaidh se ar an aonach léi.”
(ar lean ón leathanach roimhe)deó gur chas teach leis. Chuaid sé isteach. Bhí bean an tighe istigh agus í ag dhéanamh cáca. Bhí pota thíos ar an dteinidh agus d'fhiafruigh an fear céard a bhí ann, acht rud beag feóla agus go bhféadfhadh sé a dhul agus é a ithe.
Síos leis agus dubhairt sé leis an mnaoi an chlár a chur ar an bpota agus chuir. Ba ghearr nó go dtáinich fathach mór isteach agus thosuigh sé ag chasadh ceóil. Níorbh fhada gur thuith sé in a chodladh agus nuair a bhí sé in a chodhladh tháinich an fear aníos agus thóigh sé leis an gléas ceóil a bhí aige. Acht d'airigh an fathach é agus lean sé é. Rith an fear síos an staighre agus nuair a bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Feínneadha
- Inscne
- Fireann