Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 224
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lúb sé é. “Ní’l gaisge ar bith acht b’fhéidir go ndéanfadh sé”, ar seisean. Chuaidh sé abhaile, annsin agus an maide aige agus dubhairt sé le n-a mháthair, “téighre suas ar mo druim”. “Ní rachadh”, ar sise. “Caithfidh tú a dhul”. Chuaidh sí suas ar a dhruim agus chuaidh siad chómh fhada le teach an Righe. Bhí gárdaí annsin ag cúdach na h-áite agus d’fhiafruigh siad dhó céard a bhí uaidh.
“Caithfidh mé an Rí a fheicáil” adeir sé. Nuair nach rabhadar ag fhosgailt an geata sághach agioptha dhó bhuail sé iarraidh de’n maide air agus bhris sé é agus isteach leis ag an Righ. Nuair a chonnaic an Rí ag tigheacht é bhí ionghantas air agus d’iarr sé dhó cá raibh a thriall. “Caithfidh tú mo mháthair a phósadh”, ar seisean. Bhí a dhóthain Mhór faitchíos agus dubhairt sé leis nach bhféadfadh sé é sin a dhéanamh acht go dtógadh sé go deo dhó é.
D’fiafruigh an Rí dhe an dtiocfadh sé ag obair agus dubhairt sé leis nuair a dhéanfadh sé lá oibre go mba mhaith leis é a dhéanamh go maith. “Tá páirc annsin thíos i n-aice na fairrge agus b’féidir go dtreabhthá dhom é. Tiubhraidh mé seacht gcinn de mhuilí dhuit”,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe