Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 225
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsan Rí. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh sé ag treabhadh na páirce acht ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a tháinic easgan mór millteach aníos ó’n bhfairrge agus thug sí péire de na mhúilí leí. Ní raibh aige annsin acht chúig chinn, acht bhí sé ag obair leis go dtáinic sí aríst agus thug sí péire eile uaidh. "Má thagann tú aríst, a chailín, is tú fhéin a threabhas na páirce”, ar seisean. Bhí an maide aige i n-a láimh agus nuair a d’fhosgail sí a béal le péire eile a thabhairt uaidh sháith sé an maide siar ann agus tharraing sé chuige isteach í. Chuir sé ag obair fá’n gcéachta í go raibh an pháirc treabhtha aige. Thug sé abhaile go teach an Righe í. Nuair a chonnaic an Rí ag tigheacht é dubhairt sé leis gan í a thabhairt ní bfuide. “Óra tuige nach dtiubhrainn?” ar seisean “an beithigheach is sásta a chuaidh ag obair ariamh”. Acht bhí an Rí ghá mhealladh nó gur fhág sé i n-a dhiaidh é.
Maidin lá ar na bhárach d’iarr an Rí dhe an d’tiomfadh sé tobar uisge agus dubhairt sé nuair a bheadh an obair déanta go dtiubharadh sé hata nua dhó. Chómh luath agus chrom sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe