School: Caladh na Muc
- Location:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Teacher: -
![The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 079](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0065%2FCBES_0065_079.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 079
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 079
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)obair amuigh ar feadh an lae bhíodh bruthnóga fataí aca amuigh.
Cáca caiscín, nó cáca seagail nó cáca déanta as fataí nó as min-coirce a bhíodh aca i gcóir an t-suipéir.
Bhíodh bocstaí aca freisin a dhéinidís as fataí dubha. Mheasgaidís min bhuide, min coirce agus uisge le céile freisin.
Ar ghreideal a dheinidís an bácáil. Nuair nach mbíodh greideal aca dheinidís an teine a chur ar leath-taoibh agus chuiridís an cáca isteach 'na háit. Nuair a bhíodh bácáilte annsin, nighidís é agus thriomuighidís é le éadach tirim. Is leis an láimh a dheinidís an cáca agus dheinidís é a rolladh amach le buidéal.
D'ithidís iasg freisin. Theighidís go dtí an Spidéal agus go Connamara agus gheibhidís cárr d'éisg ana saor ar fad. Bream is mó a bhíodh aca. Bhí fear i Wormhole agus dhíoladh sé iad ar 13 an sgilling. Shásóchadh ceann amháin aca seo fear i gcóir béile.
Uaireannta bhíodh cúpla cloch cruithneachta i dtaisge aca i gcóir(continues on next page)