Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 288
- XML “Tithe a Dódh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe a dóghadh
Oidhche amháin bhí fear as Snámh Bó arb ainm dó Beartlí Breathnach amach ag cuartigheacht. Ni raibh duine ar bith ag fanacht leis sa teach acht é fhéin agus bhi sé ag congbháil muc agus trí ba sa teach. Nuair a bhí sé ag dul amach d'fhág sé tuighe in aice leis an te[ine]. D'éirigh an mhuc agus chuaidh sí síos go dtí an t[eine] agus thosuigh sí ag tochailt. Chuir sí an tuighe isteach sa teine agus ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin gur thóg an teach teine. Bhí sé deireannach nuair a tháinig an fear abhaile agus fuair sé an teach dóighte roimhe. Bhí an mhuc agus na beithidhigh dóighte freisin. É fhéin ba chionntach leis mar dhíbrigh sé a bhean agus a chlainn as an teach. Dá mbeadh duine ar bith sa teach ní bheadh sé dóighte mar sin. Bhí truagh ag cuid de na daoine dhó agus thug siad bainne dhó nó gur cheannaigh sé beithigh dhó fhéin. Tomás Ó Niadh Oorid (Úraid) Crosbhóthair Máma- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Úraid, Co. na Gaillimhe