Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 358

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 358

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 358
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí na Flatharthaigh ina gcómhnuidhe insan oileán. Bhí bean i gceannas ar an airm. Sgríobh sí litir chuig Eilíse ag rádh leis go raibh sí umhail dí. Annsin thug Eilís an tideal caiptín dí mar cheap sí gur fear a bhí ann. Cé go raibh Caiptín Ó Fhlaitheartaig umhail do Shasana bhí sí gaedealach i gcroidhe.
    Tá gleann mór ins an oileain agus chuireadh inghean an Caiptín na gaedeal i bhfolach annsin. Tá áiteanna ins an gcaislean le daoine a chur i bhfolach. Thagadh na Sasanaig go dtí an t-oileáin go minic.

    Tá cairn cloch suas ins na sléibhte agus tugtar "Cairn Suidhe Finn" air. Tá go leór sgéalta faoí ac sílim gurb í seo an ceann is fearr. Tá ceann de na Fianna curtha ann. Leag gac duine dá airm cloch ar an uaigh. Deirtear go raibh dhá chaileach ag caitheamh clocha len' cheile, ceann amháin aca ar an gcairn agus an ceann eile i Binn Léibhe. Tá Binn Léibhe siar i gCorrnamóna. Rug caileach Binn Léibhe ar chloch ana mhór agus chaith sí é. Acht ní raibh sí in ann é chur an bealach ar fad agus thuit sí i bpáirc in aice leis an sliabh. Tá an cloch annsin fós.

    Tá reilig in Uáchtarárd ar a tugtar "Reilig Cill Cuimín". Sean reilig atá ann. Fadó do mhothuig na daoine go raibh rud eicínt ag tógadh na cuirp as an reilig. Bhí faitchíos mór orra annsin. Fuair bean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Uaitéar Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60