School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 358
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí na Flatharthaigh ina gcómhnuidhe insan oileán. Bhí bean i gceannas ar an airm. Sgríobh sí litir chuig Eilíse ag rádh leis go raibh sí umhail dí. Annsin thug Eilís an tideal caiptín dí mar cheap sí gur fear a bhí ann. Cé go raibh Caiptín Ó Fhlaitheartaig umhail do Shasana bhí sí gaedealach i gcroidhe.Tá gleann mór ins an oileain agus chuireadh inghean an Caiptín na gaedeal i bhfolach annsin. Tá áiteanna ins an gcaislean le daoine a chur i bhfolach. Thagadh na Sasanaig go dtí an t-oileáin go minic.
Tá cairn cloch suas ins na sléibhte agus tugtar "Cairn Suidhe Finn" air. Tá go leór sgéalta faoí ac sílim gurb í seo an ceann is fearr. Tá ceann de na Fianna curtha ann. Leag gac duine dá airm cloch ar an uaigh. Deirtear go raibh dhá chaileach ag caitheamh clocha len' cheile, ceann amháin aca ar an gcairn agus an ceann eile i Binn Léibhe. Tá Binn Léibhe siar i gCorrnamóna. Rug caileach Binn Léibhe ar chloch ana mhór agus chaith sí é. Acht ní raibh sí in ann é chur an bealach ar fad agus thuit sí i bpáirc in aice leis an sliabh. Tá an cloch annsin fós.
Tá reilig in Uáchtarárd ar a tugtar "Reilig Cill Cuimín". Sean reilig atá ann. Fadó do mhothuig na daoine go raibh rud eicínt ag tógadh na cuirp as an reilig. Bhí faitchíos mór orra annsin. Fuair bean(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60