Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 290
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go h-Uachtar Árd ar Aonach ag díol muc. Chuaidh sé isteach í siopa ann agus dubhairt fear leis go n-goidfeadh sé an mhuc uaidh sul a mbéadh sé sa mbaile agus cuipeadh geall £5 air. Annsin chuaidh fear na muice abhaile agus nuair a bhí sé píosa beag síos an bóthar cheannuig an fear eile péire bróga agus chuaidh sé leis in dhiaidh fear na muice. Ní raibh an fear í bhfad nuair do choinnig sé suas leis. Chuaidh sé amach roimh fear na muice agus bhí puiteach ar an mbóthar agus chaith sé bróg amháin síos ann agus d’imithigh leis. Chonnaic fear an muice an bhróg ach níor bhac sé leis mar bhí sé salach. Ní raibh sé i bhfad nuair dho chonnaic sé an ceann nua agus bhí an-bhróin air nuair nár thóg sé an ceann salach. Bhí crann ag fás le taobh an bhóthair agus cheangail sé an mhuc leis ‘gus síar leis aríst i gcoinne na bróige salaighe. Ar feadh an ama seo bí an fear eile taobh istigh do’n chlaidhe ag breathnú air agus amach leis. Do léim thar an gclaidhe. Sgaoll(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Uigínn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe