Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tóigeadh sios na sgéalta seo leanas ó leathanach 18-57 ó Cháit (Ceata) Bean Uí Ghiobúin, Camus Uachtair, Casla, Co. na Gaillimhe. Sa mbaile seo a chaith sí a saoghal agus tá sí beo láidir fós i n-aois a 65 bl. Phioc sí féin suas iad ón a h-athair le linn a h-óige. Cailleadh eisean sa mbliadhain 1923 (Pádraig Seoighe, i n-aois a 73 bl.
    Jackeen, An Gadaidhe Dubh.
    Bhí fear ann fadó agus fadó bhí. A mbeadh muidne an t-am sin ann ní bhéadh muid indhiú ann, nó a mbeadh, bheadh scéal úr nó sean-scéal aghainn. Ní raibh ag a mháthair acht é féin agus bhí sé tinn ariamh, nó mar b'áil liom a rádh meathta.
    Lá amháin dúbhairt sé le'na mháthair go ngabhfadh sé le gadaidheacht. Dúbhairt a mháthair go mba cheart duine écint a cheadú faoi. Chuaidh sí go dtí sean-dall glic a bhí 'na chómhnaidhe in-aice léi agus d'innis sí an scéal dó. Dúbhairt seisean é chur le gadaidheacht ó thárla go raibh sé féin sásta. Tháinig sí abhaile agus d'innis an scéal dá mac.
    Nuair a tháinig an oidhche fuair Jackeenmála agus amach leis. Níor bhfada gur casadh beirt fhir eile ar Jackeen & d'fhiafruigh siad de cá raibh a thriall. "Dul a' gadaidheacht" arsa mo dhuine.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ainmneacha eile
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe