Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “An Leasmháthair”
  4. XML “Páidín Bídeach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus airgid. Thug siad neart airgid abhaile leo agus nuair a shroicheadar an baile bhí a n'athair go brónach agus an leas-mháthair curtha le fada agus tháinig a óige ar ais chuige nuair a chonnaic sé a chlann óg.
    "Is mairg a bhíonns teann ar an saoghal".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Páidín Bídeach
    Fadó shoin sa tsean-aimsir d'fhága long mhór Cuan na Gaillimhe. Bhí go leór paisinéirí ar bord aice. Badh' é an t-ainm a bhí ar an gcócaire 'Páidín Bídeach'.
    Nuair a bhí an long sgathamh maith amach san bhFhairrge d'airigh an fuireann míolmór 'na ndiadh & bhí an míolmór at tí an long a iompú nuair a d'fhuagair an captaoin orra go gcaithfeadh duine éichint an chuid eile a shábháilt.
    Dúbhairt Páidín Bídeach go shábháilfeadh sé féin iad ach go gcaithfidhe mála beatha a cheangailt ar a dhroim. An fhaid is a bhí Páidín Bídeach dhá ghléasadh féin, chaith an captaoin cathoair & canna & gabhar amach 'uig an míolmór le é a shásamh. Annsin caitheadh Páidín Bídeach amach chuige. Shluig an míolmór siar é & níor leag sé fiachal ar bith air.
    Shíl an fuireann gur fadó a bhí Páidín Bídeach caillte. Ach nuair a tháinig siad i dtír thall céard a chonnaic siad ach míolmór sínte marbh ar an tráigh. D'oscladar é & céard a gheobhaidís istigh ann ach Páidín Bídeach & é 'na shuidhe ar chathaoir ag bleaghan an ghabhair síos sa gcanna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ainmneacha eile
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe