Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 056
- XML “Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar Aill an Tuircéis Mhóir. "Ó", arsa an caiptín, "tá soithigh faoi uisce annsin le fada ag tóruigheacht fear a caitheadh amach len a fánaidh naoi mbliadhna déag ó shoin agus ní bhfuaireadh tásg nó tuairisg ó shoinair isteach faoi thír nó ar thóin na fairrge ná i n-aon áit". "Ná bac leis sin" arsa an t-Éireannach, ag tabhairt aghaidh an bháid uirthi. Bhí Aill an Tuircéis Mhóir na mílte agus na milliúnaic troigh aníos as an bhfairrge agus níl fhios cé'n mhéad a bhí faoi'n bhfairrge dhe. Nuiar a bhíodar i bhfoisgeacht cúpla céad slat dhe bhí oiread cupáin ins 'chaonbhraon alluis dhá raibh ag tuitim leis an gCaiptín le faitchíos.
Ní dhearna an t-Éireannach ach éirigh do léim agus a dhul glan ar Aill an Tuircéis Mhóir. Shiubhal sé suas go dtí Caisleán an Ríogh a bhaith é naoi mbliadhna déag ó'n lá sin. Tháinic sé isteach i dTeach Cailleach Cearc agus d'fhan sé ann san oidhche. D'fhiafruigh an Chailleach Cearc cé'n fáth nach thiar ag an mbainfheis a bheadh sé. "Cé'n bhainis" arsa t-Éireannach. "Ó, bean Éireannach agus an Rí atá a' ghabhail a' pósadh amáireach", ar sise, "agus ní leigfear isteach ann ach amadán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe