Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “An tAmadán”
  4. XML “An Fear Bocht agus an Fear Saibhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    [Seán Breathnach (Ruaidhrí), Leitir Mór na Coille, RosMuc, a d'innis an dá sgéal seo. Trí sgóir atá Seán agus tá comhnuidhe air san áit 'nar rugadh is tóigeadh é.]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear bocht agus fear saidhbhear ann uair. Dubhairt duine acu go mgabhfadh sé ag saothrú airgid. 'Sé an áit a ndeachaidh sé acht go h-Ifreann. Nuair a chuaidh sé go h-Ifreann, 'sé an áit ar cuireadh é ós chionn teine mhóir.
    Tháinic an máighistear thart lá agus d'fhiafruigh sé dhé cé'n chaoi a dtaithnigheann an áit sin leis. Dubhairt sé go dtaithnigheann sé go maith leis. Dubhairt an máighistear leis na daoine a bhí ag freastal air tuilleadh teine a chur faoi. Tháinic an máighistear thart lá eile agus d'fhiafruigh sé dhe cé'n chaoi a dtaithnigheann an áit leis.
    "Maith go leor", adeir an fear.
    Dubhairt sé leis an daoine tuille teineadh a chur faoi. Tháinig sé thart an tríomhadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe