Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 324
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuimhnigh sé ar an ollphéist óg agus chuaigh sé go dtí an áit ina raibh an ollphéist sin. Ní fhaca sé aon ollphéist ach chonaic sé sean chailleach críona caite ina suí ar gcloic i n-aice leis an áit ina raibh an talamh carnaithe agus í ag síleadh na ndeor. D’fhiafraigh an fear di tuige a raibh sí ag caoineadh. ‘Ara a chladhaire tuige ar mharaigh tú mo mháthair dílis, ach bainfídh mé dearg díobh díoltas amach anois agus ní bhfaighidh tú an rud a bhí tú ag iarraidh agus bheirim míle mallacht duit agus ní bheidh tusa in do fhear cróga cumasach níos mó agus ná bíodh baint ar bith agat le ainmhí Dé’. Nuair a bhí an méid sin ráiste ag an tseanbhean tháinig cruth ollphéiste uirthi arís agus thosaigh an troid idir fear agus an ollphéist arís. Gortaíodh an ollphéist óg arís agus thosaigh sé ag cur fola. D’fhan an t-achrann mor sin i bhfad agus sa deireadh bhí an fear bocht sáraithe agus bhí áthas ar an ollphéist freisin. D’imigh an ollphéist as amharc agus chuaigh an fear abhaile gan an póta óir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brenda Ní Máille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe