Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 354
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ngáirdín sin ariamh nach mbainfeadh sí ubhla. Bainfidh mise freisin iad" adeir an chailleach. Nuair a fuair sé imthighthe í ghearr sé an mála agus d'imthigh sé as agus líon sé an mála le clochaibh. Nuair a tháinic an chailleach dubhairt sí "is trom thú ó dimthigh mé, is dóiche gur ith tú an cáca a bhí ar tóin an mála. Nuair a tháinig sí go dtí an teach chaith sí síos na cloca sa bpota agus dóghadh an chailleach.
Lá eile bhí pota eile leite thíos ag Domhnall agus ag Nóra. Nuair a bhí sé bruithte, dubhairt Nóra le Domhnall breathnú amach go bhfeicfeadh sé an mbéadh aon duine ag teacht. Céard a d'feicfeadh sé ag teacht ach cailleach i bfad níos mó ná an chailleach a tháinig roimhe sin. Chuaidh 'chuile rud i bhfolach. Cuaidh an luch san bpoll agus chuaidh an cat i bhfolach agus chuaidh siad féin ar an lota. Tháinig an chailleach isteach agus d'ith sí a dóthain de'n leite. Dubhairt Domhnall léithe gan an méid a bhí san teach a ithe. Dubhairt an chailleach le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe