Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 125
- XML “Peigín Audley”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigín Audley.Tá sgéal agam le n-aithris díbh faoi'n mbaintreach Peigín Audley.
A raibh cómhnuidhe uirthi tigh Neachtair thuas ar bharr an cnuic.
Chuala Tuathail Mhaoinse gur bean í ar theastuigh fear uaithe
Is bheannuigh sé ar maidin ag fiafruigheadh a raibh sí istigh.2
Séard a dubhairt Máire Bhreathnach sin í ar an teallach í,
Tá súil againn le seachtmhain leat is nach fada atá tu amuigh
Dubhairt Tuathail, éirigh is searr tú féin go siubhlfaidh muid na garrantaí
Is go dtiubharfaidh mé dhuit seanchas ar an áit a bhfuil tú ag dul3
Más seanchas atá ag teasdáil uait is gur bé sin a thug as baile thú
Chuala mé ag dul tharm nach bhfuil agad acht caora is bó.
Go bhfuil tú taobh le garraidhe talamhna is nach mbeathóchadh sé cearc bhacach dhom
Is anois a dubhairt Pádhraic Bheartlín liom gur fear tú atá ag fagháil deól.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann