School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 010
- XML “Scéal faoi Chlann an Fheilméara, Cluais le hÉisteacht, Cos fé Chrios srl.”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ná bíodh eagla ort" arsa cois fe crios "déanfaidh mise é sin. D'imhthigh cois fe chrios agus ingean caillighe circe agus bhíodar ar chois go cois go dtáinig siad chómh fada leis an tobar. Thóg siad na buidéil as an tobar agus bhí an bheirt ag cómhradh le chéile. Chuir an chailleach chirce biorán suain i gcúl choise fe chrios agus d'imhthigh sí fhéin léithi. Ba fada le cluais le heísteacht go raibh siad ag tigheacht agus chuir a chluais le crann. Dubhairt sé leis an bhfoghlaera go raibh cailleach chirce ag tigheacht agus go raibh biorán suain i gcúl chois fe chrios. Thóg an foghairle mar ar an mbiorán agus chuir sé as a chúl é le urcar. D'fhág sé a chuid buidéal fhéin na dhiaidh agus d'imhdhigh leis. Tháinig sé suas leis an gcailleach chirce agus bhain sé dhi na buidéil. B'éigin dhi a dhul ar ais arís go dtí an tobar agus na buidéil eile d'fhágháil. Bhí cois fe chrios ag an rígh leis na buidéil sul a raibh an chailleach leath-bealaigh. Fuair sé an bhean agus bhí bainfheis seacht n-oidhche agus seacht lá aca i dteach an ríogh san Domhan Thiar. Tháinig siad go hÉirinn agus bhí bainfheis aca an t-acar céadna i dteach an fheilméara.
- Informant
- Seamus Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe