Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach. Bhí sé ag dearcadh ar an bpota agus dubhairt sé le fear an tighe, "Nach aisteach an rud atá sgríobhtha ar an bpota sin." "Céard tá scríobhtha air?" arsa fear an tighe. "Ní fearr taobh d'en tom ná an taobh eile." Níor leig fear an tighe air féin cá bhfuair sé an pota chor ar bith. Nuair a chuaidh fear an eile [an fear eile?] abhaile chuaidh fear an tighe amach agus bhain sé ar an taobh eile de'n crann agus fuair sé pota óir eile.
    Deirtear gur b'iad na Lochlannaigh a chuir ann é. Bhí gamhan mór ag tabhairt aire dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lá fadó bhí fear ag baint fataí in aice le Maimín, áit atá dhá mhíle thiar ó Chornamóna. Nuair a bhí sé ag baint thóg sé suas cloch, thóg sé suas cloch eile, agus ceann eile agus sa deireadh thóg sé suas pota óir agus thug sé abhaile leis é.
    Bhíodh sé ag baint úsáide as an bpota agus bhíodh sé ag bruith fataí ann. Lá amháin tháinig fear de na comharsain isteach agus bhí sé ag dearcadh ar an bpota, agus dubhairt sé, "Is aisteach an sort pota é sin." Bhí rud eigin sgríobhtha ar an bpota agus séard a bhí sgríobhtha air, "Ní fearr
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Liodáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Gleann Loiscthe, Co. na Gaillimhe