Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 482
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)SIONNACH AGUS GÉANNABíonn duine amháín in a shionnach agus duine eile 'na ghé, agus bíonn go leor daoine eile thaobh thiar de'n ghé agus tugtar éiníní gé ortha agus bíonn an gé ag iarraidh iad a shábháíl ar an sionnach. Is is gclós na sgoile a n-imrightear é an áit a mbíonn go leór páístí le céíle.
GEATAÍ ÁRDATeigheann go leor páistí thart i bhfáinne agus bíonn duine taobh amuigh agus bíonn an chainnt seo dhá rádh aige,
"Sgríobh mé leitir indé agus chaill mé é. Fuair duine éicint é. Ní thusa é, ní thusa é."
Deireann sé
"Ní thusa é" go leor agus sa deireadh deireann sé
"Is tusa é,"
agus annsin leanann an duine sín é agus nuair a bheireann sé air teigheann sé féín thart agus deireann sé na focla chéadna.
PÚICÍNCuireann duine píosa éádaigh nó dallóg ar a shúilí ionnas nach féidir leis dada a fheiceál. Bíonn sé ag iarraidh breith ar daoine eile. Imrightear é i bpáirc reidh nó istigh sa teach lá fliuch nó oidhche geimridh
AG CAITHEAMH LÉIMIs san ngeimreadh is mó a bhímid ag caitheamh léím nuair a bhionn bróga orrainn. Ag iarraidh dul níos fuide ná a chéile a bhímíd. Sa sgoil is mó a n-imrightear é.
AG PIOCADH CNÓSa bhFoghmhar a deinimid sin.
AG BREITH AR ÉIN I gCLIABHÁN ÉANSa ngeimhreadh a bhíonn an cluiche sin ar siubhal. Bíonn sé curtha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máiréad Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe