Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “An Bheirt a Bhí i Ros”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt daoine ag dul le chéile i Ros tuairim is cúig céad bliadhain ó shoin. Fear óg agus bean óg a bhí ionnta. Bhíodar ag dul le chéile ar feadh ceithre bliadhan, agus phós an fear cailín eile agus fuair a cailín a bhí sé ag dul in-aoinfheacht leis bás le briseadh croidhe. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile, rinne sé aith-ghiorra tré choill atá i Ros. Tháinig an cailín air rug sí ar a dhá chois agus tharraing sí é tríd an gcoill. Bhí sé ag breith ar croinnte móra agus bhí sé ghá dtarraingt as an talamh. Annsin rug sé ar sgeich ghil, agus tharraing as an talamh é agus d'fhág sé annsin é. Fritheadh é lá ar na bhárach, d'innis sé an sgéal agus fuair sé bás. Tháinic an dochtúir agus dubhairt sé go raibh a lámha as áit. Tháinic daoine as tíortha eile ag breathnughadh ar an áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. na Gaillimhe