Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)
- Suíomh:
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fionnagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns)
- XML Leathanach 489
- XML “Scéal - Meannaca Beag agus Meannaca Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cól tú a gol"?
"Tá mé ar thóir tuaigh, a bhainfeas slat, a dhéanfas gad, a chrochfas Meannaca beag a d'ith mo chuid sugh chroabh".
"Teirigh" ars an tuagh "agus fágh cloch a chuirfeas faobhar orm"
"Go mbeannuighidh Dia dhuit" ars an chloc
"Cól tú ag gol"?
"Tá mé a gol a' tóirigheacht faobhair ar thuagh a bhainfeas slat a dhéanfas gad, a chrochfas Meannaca beag a d'ith mo chuid sugh chraobh
"Teirigh" ars an chloc "agus fágh uisge a fhliuchas mé".
"Go mbeannuighidh Dia dhuit" ars an t-uisge a d'fhliuchfadh cloc a chuirfeas faobhar ar thuagh a ghearrfas slat, a dhéanfas gad a chrochfas Meannaca beag a d'ith mo chuid sugh chraobh"
"Téirigh" ars an t-uisge "agus fágh fiadh a shnámhas mé"
"Go mbeannuighidh dhuit" ars an fiadh
"Cól tú ag gol"?
"Tá mé ag dul a' tóiridheacht fiaidh a shnámhfas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Fionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Aindriú Ó Duigneán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 40
- Seoladh
- Cluain Deargan, Co. na Gaillimhe