Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)
- Suíomh:
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fionnagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns)
- XML Leathanach 519
- XML “Ainmeacha Rudaí agus Beithígh na Feilme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíos bó- bradach ag dul thar chlaidhe teorainn cuirtear sort súgán uirthi.Tugtar ar an rud seo an crom-nasg. Tá sé ceangailte ó na h-adharca go dtí an cos tosuigh.
Cuirtear púicín ar bó- bradach anois agus aris. Tá an rud seo déanta de píosa clár agus bíonn sé ceangailte ó na h-adharca cun an bó a dhalladh.
Bó le laogh a tugtar ar bó atá le laogh a breith
Tugtar loiligheach ar bo nach dtugann aon laogh dhuinn agus nach bhfuil aici ach braon beag bainne.
Beithidheach nach bhfuil sé mí d'aois tugtar laogh air.
Tugtar gamhain ar beithidheach ós cionn sé míl.
Sé corraboc, beithidheach nach bhfásann
Bó-sheasga a tugtar ar bó nach bhfuil aon bainne aici.
Tugtar speir ar an téad atá ceangailte ós chionn an glún deiridh
Ins an stábla bíonn an bhó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann