Scoil: Drumdiffer (Drom Duibhthíre)
- Suíomh:
- Droim Duifíre, Co. Liatroma
- Múinteoir: Maolmhuire Ó Flaithtile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drumdiffer (Drom Duibhthíre)
- XML Leathanach 519
- XML “Nósanna a Bhaineas le hOíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-é d’aithris = Tomás Mac Lochlainn. Sraith-na-Dara, (Stranadaragh)
Druim Raithne, Béal-an-Atha-Mhóir, Co Liaidroma
Tá sé 45 (timcheall) bl. d’aois. An t-oide féin a bhailigh.
Nósanna a bhaineas le hOidhche Shamhna
(1) Geibhtear 3 plátaí nó fó-chupáin. I gceann amháin cuirtear cré, sa dara ceann uisge agus fáinne sa 3adh ceann. Cuirtear ar an mbórd iad. Cuirtear dallóg ar shúile an duine atá ag baint triaill as an gcleas agus bíonn air nó uirthí siubhal go dtí an bórd agus a lámh dó leagadh ar pláta éigin den 3 plátaí.
Más ar an bpláta ’n a bhfuil an chré a chuireann sé (sí) a lámh deirtear go bhfuighidh an t-é sin bás roimh an chéad Oidhche Shamhna eile. Dul thar saile atá i ndon dó nó dí más ar an bpláta ar a bhfuil an t-uisge a leagann sé nó sí a lámh. Pósfar í (nó é) má chuireann sí (nó sé) a lámh ar an bpláta ar a bhfuil an fháinne.
(2) Cuireann buachaill nó cáilín ionphósta an chéad giota agus an ghreim deireannach dá suipear an oidhche sin isteach i gceann dá stocaí. Cuireann sí (nó sé) fen adhairt annsin é agus deirtear go bhfeicfidh an t-é sin le linn dí (dó)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maolmhuire Ó Flaithtile
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fearghail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Na Goib, Co. Liatroma
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 45
- Seoladh
- Srath na Darach, Co. Liatroma