Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach go dtí gabha é agus dúbhairt an gabha leis go raibh lán tighe do leanbhaí aige agus go raibh sé ag obair ó Luan go Satharn agus ná raibh faic aige 'na dhiaidh san agus dúbhairt sé leis má d'fheudfadh sé tuairisc a chur chuige a chur agus dúbhairt an garsún do dtabharfadh dá bhfeudfadh.
D'imthig sé ar maidin agus ansan ar luighe na h-oidhche casadh isteach ar thighearna mór talmhan é agus dúbhairt an tighearna leis go raibh an braon anuas 'na chluais gach aon oidhche. Dubhairt sé leis go n-aistrig sé an leaba ins gach pairt de'n dtig agus nárbh aon mhaitheas do é agus dubhairt leis an ngarsún má fheudfadh sé aon tuairisg a thabhart chuige mar gheall air a thabhairt.
D'imthig sé ar maidin aríst agus casadh isteach é go dtí bean ná raibh aon duine sa tig ach í féin.
"Tá fhios agamsa cad a thug tusa" ar sí. Ach a dtáinig an oidhche ansan agus a fear 'na codladh chuir sí síos teine agus thug uair a 'chluig ann. Ansan chuir sí tobán uisge ar an dteine agus nuair a bhí sé ag fliucaig, léim sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Com Dhíneol, Co. Chiarraí