Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)síos ann agus thug tamall maith ann, agus shín siar ar an mbórd ansan. Bhí an garsún ag faire airthe agus cheap go raibh sí caillte agus dúbhairt gur b'é féin a chúiseóchfaidhe innti. Ach a n-eirigh sé ar maidin dúbhairt sí leis
"Tá's agamsa cad a bhí 'á thaidhreamh aréir duit."
"Ní caillfear mise ar aon chor mar is ceann de phláineadaí na bhFlaitheas me". "Tá t-athair anois", ar sise, "anáirde ar neamh agus tá do mháthair mar mhaistín ar gheataí Iofrainn"
D'fiafruig sí ansan do ar mhaith leis iad d'feiscint agus dúbhairt gur mhaith.
"B'fearra dhuit gan do mháthair ar aon chor dfheiscint", ar sise, "mar níor bhfearra léithe sin aon duine lé n-ithe ná tusa".
Dúbhairt an garsún go gcaithfeadh sé iad araon d'feiscint.
"Seo bulóg duit", a dúbhairt an bean, "agus nuair a bheir ag gabháil tháirse, caith leath de'n mbulóig chúiche agus nuair a bheir ag teacht caith an leath eile chúiche."
D'imthig sé agus dhein mar a dúbhairt leis agus ansan nuair a tháinig, dúbhairt leis dul ag feuchaint ar a athair agus chuaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Com Dhíneol, Co. Chiarraí