Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 092

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 092
  3. XML “Namhadas idir Pharóistí - Bád na nGort nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (ar leanamhaint)
    Bhí muinntir an pharóiste seo ag crith 'na gcroiceann roimis an ndream thuaidh idir ló agus d'oidhche agus d'fhan mar sin ach sa deire tháinig seana-shaighdiúir ón áit, ó Bhaile Bhiocáire abhaile ar a phinsean.
    Bhí cúpla piostal aige agus nuair a chualaidh sé agus a chonnaic sé cad a bhí ar siúbhal dúbhairt go gcuirfeadh sé féin stop leis.
    Chuirfeadh leis, mar bhí sé ullamh glan bheith rómpa an cheud bhabhta eile, agus sé a leagfadh ladhar acu mar ní raibh aon ghunaí acu san.
    Ach bhí fear de mhuinntir Mhainín i mBaile an Ghleanna go raibh gaol aige leis an ndream thuaidh agus chuaidh sé chúcha de thruip oidhche i ngan-fhios agus thug an t-eolas dóibh. Chuir san eagla ortha agus as san amach ní leoghfadh eagla dóibh teacht.
    Thuit rud eile leis amach a mhaoluig an t-olc. Phós an Croppy bean ó Bhaile an Challa i bParóiste an Fhirtéaraig agus as san amach bhí an dhá dream ag eirghe ceanamhail ar a chéile cé go bhfuil smut den mí ghnás le feiscint idir an dá pharóiste go dtí an lá indiumh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. faicsin (~230)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Labhras Ó Ciabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile na Rátha Thuaidh, Co. Chiarraí