School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(ar leanamhaint)
Bhí muinntir an pharóiste seo ag crith 'na gcroiceann roimis an ndream thuaidh idir ló agus d'oidhche agus d'fhan mar sin ach sa deire tháinig seana-shaighdiúir ón áit, ó Bhaile Bhiocáire abhaile ar a phinsean.
Bhí cúpla piostal aige agus nuair a chualaidh sé agus a chonnaic sé cad a bhí ar siúbhal dúbhairt go gcuirfeadh sé féin stop leis.
Chuirfeadh leis, mar bhí sé ullamh glan bheith rómpa an cheud bhabhta eile, agus sé a leagfadh ladhar acu mar ní raibh aon ghunaí acu san.
Ach bhí fear de mhuinntir Mhainín i mBaile an Ghleanna go raibh gaol aige leis an ndream thuaidh agus chuaidh sé chúcha de thruip oidhche i ngan-fhios agus thug an t-eolas dóibh. Chuir san eagla ortha agus as san amach ní leoghfadh eagla dóibh teacht.
Thuit rud eile leis amach a mhaoluig an t-olc. Phós an Croppy bean ó Bhaile an Challa i bParóiste an Fhirtéaraig agus as san amach bhí an dhá dream ag eirghe ceanamhail ar a chéile cé go bhfuil smut den mí ghnás le feiscint idir an dá pharóiste go dtí an lá indiumh.- Informant
- Labhras Ó Ciabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Kerry