School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (roll number 538)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teacht ó lios Tuathail agus chuaidh sé amú sa doircheacht. Chonnaic sé tigh beag ar thaobh an bhóthair. Chnaig sé ar an ndoras. D’oscail bean an doras agus d’fhiafruigh sí dó cad a bhí uaidh. Dubhairt sé leí an dtabharfadh sí lóistín na h-oidhche dó. Dubhairt an bean ná tabharfadh mar ná raibh eínne sa tígh ach í feín. Annsan thug sí siós go binn a’ tighe é agus dubhairt sí leis dá leanadh sé an bóthar siar go bhfaigheadh sé an bóthar ceart abhaile.
D’imigh sí isteach sa tígh annsan. D’eáluigh an spailpín suas go fuinneoíg na cistineach agus d’fheách sé isteach. Chonnaic sé an bhean ag dul amach ag triall ar bhirdeóig mhóna. Nuair a bhí sí imthighthe d’éaluigh sé isteach sa tigh agus chuaidh sé anáirde ar an lochta. Nuair a tháinig an bhean(continues on next page)- Informant
- Márthan Ó Chatháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí