Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 008
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuaireas iad so ó Domhnall Ó Cinnéide, Gordta Dubha, Baile 'nFhirteuraig, Dainghean Uí Chúise, Co. Ciarraidhe.
Aois - 86. - 1. Glas ar an abhainn thall 's i bhfus.
Leac-oidhir.2. Fear ag siúbhal na trágha 's a bhothán ar a dhrom aige.
Corcán anairthe.3. Ceithre muca fironna bána,
Ag féacaint siar ar thalam Uí Dhálaig,
D'iosfaidís a dtiocfaidh 's a dtáinig,
Is ní teilfidís oiread a' cáinighthe.
Ceithre teampaill.4. Ceist do bhí ar Easbog
Seachtmhain 's trí lá,
Naonbhar fear, i gceart
Ag aon mhnaoí amháin.
Naonbhar ab' ainm dá fear.5. Caora dhubh s' lomradh bán uirthe.
Greideal.6. Trí cos anáirde,
Dhá cois i dtalamh,
Ceann an duine beó,
I mbéal an duine mhairbh.
Corcán ar cheann chailín.7. Bean fhada gléigeal 's crios dá taobh féinig uirthe.
Punann Coirce.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Ghráig, Co. Chiarraí