Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Cill Ghobnait”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cill Ghobnait
    1.-9. Féach an Fear beag gearra Glas. le.10
    10. Meadhon Foghmhair 6 AD 1934
    Tá Cill Ghobnait suidhte ar an dtaobh thuaidh de Dhún Caoin. Saghas séipéil móir iseadh é ach é ar fad leagtha. Istigh i lár an fhothraigh sin tá árdán beag agus cros mhór ina lár. Tá tobar leis ann, ach caithfidh gach aoinne rud éigin do chaitheamh isteach ann nuair a bhíonn siad ag tabhairt an turasa, agus deirtear go bhfaighfeá pé trí athchuinge a bheadh uait ach é sin do dhéanamh.
    Rugadh Naomh Gobnait in Oileán éigin agus ó bhí sí ina leanbh bheag bhíodh sí amuigh ar an bhfarraige le cois a h-athar. Bhíodh a h-athair ag ropáil agus nuair d'éirigh sí in aois nior thaithin sé sin léi agus dhein sí suas a h-aigne go bhfágfad sí é agus go n-imtheochadh sí léi féín. Aon lá amháin d'fhág a h-athair ar charraig í an fhaid a bhí sé féín ag dul ag ropáil. Tháinig aingeal cúiche agus dubhairt sé léi intheacht léi agus gan stad ná staonadh do dhéanamh go dtiocfadh sí go dtí áit go mbuailfeadh sé cinn de chointe léi, agus fanacht annsan ar feadh sé mblian agus teampall eile do thógaint ann agus annsan imtheacht léi aríst go dtí go mbuailfeadh naoi gcinn de chointe léi agus teampall do thógaint annsan leis agus cur fúithe ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí