Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh sí agus níor dhein sí stad ná staonadh go dtí go dtáinig sí go dtí an chill. Insan áit sin do bhuail trí cinn de na cointe léi agus do thóg sí an céud teampall annsan agus d'fhan sí ann go dtí go raibh na trí bliadhna suas. D'imthigh sí léi arís agus ag Baile'n Mhuilinn do bhuail na sé cointe léi agus thóg sí teampall eile annsan. D'fhan sí ann ar feadh tamaill eile annsan d'imthigh sí léi airís agus bhuail na naoi gcointe léi ag Baile an Mhúirne agus annsan a thóg sí a priomh teampall.Tugadh sí turas ar Bhaile'n Muilinn agus ar Chill Gobnait anois is airís. Uair amháin nuair do bhí sí ag teacht deirtear gur bhain saighdúirí Chromaill léi agus gur rith sí suas ar bharr cnuic uatha agus gur dhein sí liathróidí móra iarainn de na clocha agus go raibh sí dá gcaitheamh anuas ortha sa tslighe nár bhféidir leo dul ináirde cúiche. Deirtear go bhfuil ceann de na liathróidí san le feiscint insan tsean-fhothrach atá i mBaile'n Mhúirne agus go bhfuil leigheas innti. Uair amháin thug duine léi í chun leigheas do dhéanamh agus nuair do bhí an leigheas deunta aice chuir sí isteach insan gcórtha í agus chuir sí an glas air. Tamall 'na dhiaidh sin bhí sí ag teastáil uaithe agus nuair a chuaidh sí ag triall uirthe ní raibh sí le fághail aice. Chuaidh sí go dtí an teampall agus bhí sí ann roimpe agus bhí sí greamuighthe isteach insan bhfalla agus níor bhféidir léi í do thógaint. Tá sí mar sin ó shoin.
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí