Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 237
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tsoithig d'fhiafruig Siobháinín de Dhómhnaillín cad a dhéanfaidis leis an bhfeóil. Ó, i gceann seachtmhaine beidhmíd á cur mar leasú ar an gcabáiste é, ars' Dómhnall. Lá amháin agus í 'na h-aonor do rith smaoineamh chúiche go raibh sé in am an fheoil do chur á leasú leis an gcabáiste. Thosnuig sí ag tarrac na feóla amach ar a lán dícheall agus níor bhfada go raibh an soitheach follamh agus píosa feola amuigh sa gháirdín le gach plannda cabáiste. Ar maidin bhí an fheoil imthighte ag madraí an bhaile, agus nuair a fuair a fear fios an scéil bhí sé cráidhte, céasta, ciapaithe.Lá eile dubhairt Domhnaillín léithe ím na seachtmhaine do chur isteach i bpróca mór agus é chur i gcoimeád do "Scríbín i gcóir an Earraigh." Chuir sí salann ar an t-ím agus chuir isteach sa chupard é. Tháinig fear déirce an tslighe lá agus dubhairt Siobháinín leis ná raibh aon nídh sa tigh aice ach próca ime i gcóir "Scribín an Earraig" "Dheara nách mise Scribín i gcóir an Earraig," ar seisean agus thug sí an tím do. Bhí a fear cráidhte amach aice agus dubhairt sé léithe obair an tighe d'fhágaint na diaidh agus oibriú feasta amuigh sa pháirc. "Amach leat," ar seisean agus tairrig an doras id' dhiaidh. Bhí sé féin amuigh sa pháirc nuair a chualaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí