Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “File na Mine Airde - Pádruig Ó Briain”
  4. XML “Caoineadh an Athar Eoghan Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    naomhtha i gConndae Chiarraidhe na go dtugadh sé, agus ní h-aon uair amháin a chuaidh sé go "Knock" i gConndae Mhuigheó de shiubhal cos. Thugadh sé abhaile leis paidríní, iomaighthí beaga, agus rudaí beannuighthe eile d'á cháirdibh - tá cuid des na rudaí a thug sé ag daoine fós san áit seo. Do mhúineadh sé an Teagasc Chriostuidhe do leanbhaí áirithe a bhíodh ag ullamhú i gcóir Sácraimínt dul fá laimh Easbog, agus b'é a bhí go maith chuige.
    Fear lúthmhar láidir a b'eadh é. Labaharann daoine fós mar gheall ar an gaisce a dhein sé nuair a léim sé an bóthar, ó chlaidhe go claidhe, i lár Baile na Mináirde Thiar. Deirtear leis 'na thoabh gur fhág sé Tráighlí lá díreach agus an cóisde ag fágaint agus gur túisce a shrois sé Baile na Saor (sin 23 míle taobh thair de Thráighlí) ná mar dhein an cóiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge