Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Baile na Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa tráthnóna ann clúdaighthe le brat féir maidion lár na bháireach.
    Páirc a' Fosuidheachta: Páirc féarach -daoine ag aodhaireacht beithidheach ann fadó. Tá cloch i bhfuirm cómhrann sa pháirc sin.
    Crosaire an tSagairt: Is i mBaile na Saor do chómhnuigheadh sagart na h-áite seo. B'é an tAthair Muiris Stac an sagart deirinneach a bhí ann, agus bhí Paróisde Baile na Cúirte (thoir ón bparóisde seo) fá na chúram freisin. Tá an crosaire timcheall le míle ón scoil seo, ar an mbóthar mór idir Traighlí agus an Daingean, agus bhíodh an "Sagart Dubh" mar a ghlaodhtaí ar an tAth. Muiris Staic ag leigheamh a phortúis ag an gcrosaire sin go minic. Cailleadh é timcheall na bliana 1808. Is san"Eaglais" a bhí an seipéal aige - inaice le "Crúibín na Muice"
    Páirc a' Thuair: ó thuar na gcaorach a ainmnigheadh an pháirc is dócha.
    Na Graibhthíní - áit fiadhain ar chliathán an chnuic.
    An Lotarach - Commonage is eadh an pháircín sin. Tá tobar ann - Tobar Chúnlaighe a ainm.
    Páirc a' Fraoigh: Fraoch ag fás ann.
    Páirc a' Ráis - páirc leathan mín, bhíodh ráiseanna ann fadó.
    Páirc a' Choiréil.
    Páirc a' Leasa.
    An Cluain - móinfhéar
    Páirc na Fola - Troid fuilteach ann fadó
    An Muidéilín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge