Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 433

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 433

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 433
  3. XML “Briseadh Long”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tuairim is céad bliain ó shoin do raiceáladh long mhór-pé rud a dhimthig uirre b'éigin dos na máirneálaig í do thréigint agus thugadar iarracht ar an talamh do dhéanamh i mbád beag. h-Ochtar déag a bhí sa bhád nuair a chonnaic muintir na Dúnta é ag imtheacht roimis an ngaoith soir. Bhí stoirm chomh h-olc san ann gur cheap gach aoinne go sloigfidhe iad gach nóimeat agus ní bhíodh rian díobh le feiscint uaireannta ins na claiseanna doimhne idir na dtonntacha. Bhailig scata daoine ar Chnoc a'Gleanna agus ag Béal na gCloch ag faire ortha agus dheineadar comhárthaí do'n gcriú teacht i dtír ag Béal na gCloch mar dá leanaidís soir ní bheadh aon tseans acu. Is amhlaidh a cheap na máirneálaig gur raic a bhí uatha agus níor thugadar aon iarracht ar chasadh. Ag déanamh ar Poinnte na hAcraí dhóibh is dócha gur chuir na faillteacha árda scanradh ortha mar chasadar agus b'é a ndícheall Béal na gCloch do dhéanamh. B'é an tslighe gur choimeádadar an t-uisce as an mbád ón uair a dhfhágadar an long ná suidhe ar ghunail an bháid agus a gcásóga móra íle d'oscailt amach. Caitheadh an bád isteach ar an dtráig agus ba dhóbair dos na fearaibh go marbhócfaí iad ach do shábháil an dream a bhí ag feitheamh leo iad. Fir dubha a bhí ar an gcriú agus ba mhór an t-iongantas a dhein muintir na h-áite so dhóibh nuair nár bhféacadar riamh roimis a leithéidí. Ní túisce ar an dtalamh tirim iad ná tharringeadar (na fir dubha) na sceanna amach dá chéile agus mar a mbeadh na daoine eile do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí