Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 455](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0426%2FCBES_0426_455.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 455
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 455
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do Bheannuig sé dhi. Nuair a chuaidh sé isteach bhí sí 'na shuidhe cois na teine, ''Dhera muise cé hé tusa?'' ''Duine bocht le Dia'', arsa é sin. ''A Mhuire mháthair,'' ar sí sin, ''an bfeacaís Donncha'', b'é sin an chéad fear a bhí agamsa'', ar sí sin. ''Ba mheasa liom go mó é na Seán an tarna fear, agus is dócha ná fuil an t-éadach ró mhaith ar Dhonncadh''. ''Níl go deimhin'', arsa fear an Daingin. ''tá siad caithte a dóthain''. Isteach annso fadó a thagadh an táilliúir i gcómnuidhe ag fúigháil dúinn, agus tá Seán imthighthe ag triall air anois chun culaith bréide a dhéanamh do, agus ar m'anamsa féin b'fheárr liom an culaith a bheith ag Donncha ná ag Seán. '' Thug sí amach píosa bréide a bhíaige Seán chun an culaith a dhéanamh do. "Tá an píosa ró throm'' arsa fear an Daingin, ''agus ní fhéadfainn é iomchur.'' ''Tá asal is cairt againn'', ar sí sin, ''agus iomcharóchaidh sé sin é.'' Do bhuail sí gléas ar an asal, agus do chaith sí an píosa bréide isteach sa chairt. ''Tá próca mór ime agam agus bí súil mór in im ag Donncha agus leigfead chuige é. Dein deabhadh maith anois sara bhéarfaidh an táilliúir is Seán amuigh sa buaille ort.'' Chuir sé dho an bóthar síos agus an t-in agus píosa mór bréise aige agus asal is cairt. Tháinig an táilliúir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gabhlán Ard, Co. Chiarraí