Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 784
- XML “Buailín an Chrú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sé cinn d'uibhe airgid agus ubh óir. D'imthigh sé isteach agus d'innis sé d'on Phápa gurabh é seo an tiongantas ba mhó a chonnaic sé.
"Ar bhfeachaís an nead?" arsa an Papa. "Connac" arsa é sin. "Ar thugais fé ndeara aon difríocht ins na sé cinn d'uibhe airgid?" "N'fheaca" arsa é sin. "Siad na sé uibhe airgid" arsa an Pápa, "na sé laethe de'n tseachtmhain, agus sí an ubh óir an Domhnach. Níl aon difir ar na sé laethe úd" ar seisean. "Téir abhaile anois agus tá do pheaca maithte ach caithfidh tú mainistir a thógaint im'Buailín a Chrúdh' mar bhreitheamhanachas air". "Cá bhfuil an áit sin?" arsan Bráthair. "Lorg é" arsan Pápa.
D'imthig an Bráthair tar nais go h-Éirinn agus bhí sé ar lorg 'Buailín a Crúdh' ó áit go h áit agus thug sé tamall maith ag imtheacht ó thigh go tigh. Do casadh isteach sa tigh seo é aon oidhche amháin, go mbíodh cruinniughadh buachaillí an bhaile ann agus bhí siad ag cur cúntas caorach ar a céile. Dubhairt duine aca go bhfeaca sé caora im'Buailín a'Chrúdh'. "A gharsúin" arsan Bráthair leis, "an nósfaidh tú dhom cá luigheann 'Buailín a chrudh'?". "Nósfad agus fáilte" arsan garsún agus dhein sé amhlaidh. Chuaidh an Bráthair agus thóg sé a mhainistir ann agus deirtear go bhfuil na fochracha le feiscint fós.- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhúbhda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí