Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 847
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do thóg na daoine maithe go dtí an lios i Mbarra na gCaorach fear dar ab ainm dó Seán 'ac Séamus. Ní fhéadfadh aoinne é thabhairt as an lios acht Máirín Dubh nó a inghean ó íochtar na h-Éireann. Do chuir a mhuintir fios ar Máirín Dubh agus tháinig sí. Nuair a chuaidh sí go dtí an lios dúbhairt sí le bean na leasa Cliana a b'ainm di sin, a "Chliana a Chliana a bhean bhinn bhéasta, is fada an tàird seo a thugas cun tú fheiscint , ó Gleann Rathaille go Barra na gCaorach ar lorg ort tuairisg Seán 'ac Séamus. Ar phós sé fós nó bhfuil gan déanamh nó an bhfuil aon óig-bhean ar t-eolas réidh leis?" "Níor phós sé fós agus tá gan déanamh agus níl aon óig bean ar mo eolas réidh leis" arsa Cliana.
"Mhaise is é do thigse fuaire, tig gan sleán gan rann gan sluasad. Níl búirth bó ná méid uain ann ná fiú an leanbh a dheinfeadh suaircais acht cistin fhada agus fallaí fuaire". Cliana: "An tú Eve bheag nó an tú Aodh bheag nó an tú Máirín Dubh nó a h-inghean ó íochtar na h-Éireann"? Máirín Dubh: "Ní mé Eve bheag agus ní mé Aodh bheag agus ní mé Máirín Dubh ná a h - inghean ó íochtar na h-Éireann, acht is mé inghean Críona Rí na Gréige. Cliana:"Dá mba tusa inghean Críona Rí na Gréige bheadh fáinne óir ar gach mhéar leat, do bheadh do chuid gruaige na dúdailt go t-aer leat , bheadh do leaca geal dearg is do phearsa mar aon bhean".
Máirín Dubh: "A Chliana, a Chliana, cuir amach mo spré cugam : seacht gcéad gabhar potabhar ar aon dath,
Seacht gcéad caoire mìn cun éadaig;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí