Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 849

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 849

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 849
  3. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lios in Doire na Muiche sa paróíste seo fadó agus tugtaí Lios na Sceacha ari mar bhí alán sceaca ann. Bhí poll ag dul go dtí Seanabaile 'ges na Loclanaig agus bhí alán cloca ann. Bhí fear i Taobacnuic ar ab ainm dó Tomás Ruadh agus bhí sé cun tig nua do thógáil. Lá amháin do cuaidh sé go Caisleán a diarraidh saoir cun an tigh do thógail agus do thug se an saor abaile. Sé an ainm a bhí air ná Seán Ó Murcadha. Gaol do Thadhg Ó Murcadha ó Doire na Muice a beadh é agus idtig Tadig Ó Murcadha a bhí se gac oidche. Cúpla lá tar éis an tig do thógáilt do tairring sé na cloca a bhí ins an poll i Lios na Sceaca. Nuair a bhí na cloca tógtha amac as an poll do cuaidh sé go dtí tig Taidhg Uí Mhurcadha arís. Ins an oidhche do chuaidh sé go Clochán ag bothantuíocht. Bhí sé ag siubhal sios an bóthar agus istig san lios do connaic sé triúr bhan bhán. Do rith sé go Clochán agus do cuaidh sé isteach i dtig Tomáis Uí Néill agus bhí eagla air. Níor cuaidh sé go Doire na Muice an oidche sin in aon cor. Do stad sé idtig Tomáis Uí Neill. Do chuaidh sé go TaobhaChnuic ar maidin agus níor labhair sé focal idtaobh na triúr bhan bhán. Do bhí píosa de'n tigh tógtha aige agus do thuit an piosa sin a bhí tógtha. D'innis sé an sgéul do bhean aosta a bhí idtig Sheáin Ruadh. Diafraigh sí do cá bhfuair sé na clocha agus dubhairt sé go bhfuair sé iad i Lios na Sceacha. Dubhairt sí nár cheart cloca a thógaint as lios. O shan amac níór thóg Tomás clocha as lios.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Duínn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Duínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí