Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dá cur tamall ó shoin. Ní'l i gcuimhne aoinne go bhfacthas duine 'á chur ann. Ní'l sa sgeul acht gur chualathas é tré innsint bhéil ós na seandaoine go raibh reilg ann.
(4) Cill Chuain (1/2 mile taobh thoir theas de'm scoil).
Tá beal oideas ag baint leis an mbaile seo. Tá sé raidhte go raibh sean-eaglais ann, agus sean-reilig leis. Tá páirc na h-Eaglaise roinnte idir Tomás ÓLiaghain agus Tomás ÓSlatara. Dubhairt Tomás ÓBrosnachain (rugadh 1852) liom go bhfuil Easbog curtha san áit sin - istigh san Eaglais.
Ní'l aon rian de reilig sa pháirc atá timcheall na h-Eaglaise. Labhrann an Donobhanach mar seo:-
"I mbaile Cill Chuain Tá eaglais 30' x 15' acht táid na fallaí leagtha go talamh"
Do tíodhlacadh an Eaglais do Naomh Cuain Airbre _ an dara h-abb de mhainistir Mochtail-Bhrogáin i ndúthaigh Déise inaice lé Carraig na Siúire. I bhfad na dhiaidh sin d'eirigh achrann agus bruighean idir bheirt dhriothár de Chine Mhic Ealagóid - mar gheal ar leanbh a cailleadh agus a cuireadh sa reilg. Do doirteadh fuil sa troid a bhí eatorra agus ta sé raidhte gur dúnadh an eaglais dá bharr, agus gur tógadh eaglais nuadh in(leanann ar an chéad leathanach eile)