Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Sasana agus gur chómhnuigh sé i Lonndan ar feadh i bhfad ach níl éin deimhniú againn gur fhág sé Éire, taobh amuich de “beo-chaoineadh” do cheap a dhian-chara Seán Ó Túama an Ghrinn mar gheall ar an imtheacht thar fairrge, agus tagairt a dhein sé féin do bheith i gcrích tar lear. Do chabhruigh Seán Clárach go mór le filidheacht agus le Filí na Mumhan. Bhíodh tionól de na filíbh ag a tig chun cúrsaí na h-Éigse do chuir tré chéile.
Nuair a bhí sé óg do bhí sé go mór le cuid de na filíbh ba mhó clú i gCo. Corcaighe. Bhíodh tionól ag Filíbh na Mumhan i dtigh tábhairne Sheain Uí Túama ar bhrúach an Máighe an úair sin agus ba gnáth le Seán Clárach dul ar thríall ortha. Fear léigheanta ab eadh é, agus bhí eolas maith aige ar an laidin agus ar an ghréigis agus ar an mbéarla do réir gach cúntas. File binn ab eadh Seán Clárach.
Níor sgríobh sé éinní ríamh chuirfeadh áthas ar croidhe an léighetheora. Is follus ó n-a chuid filidheachta gur fhear fearamhail, neamh-spleádhach, neamh-eaglach é. Núair a bhí sé ar fán agus tóir air do sgríobh sé amhrán ag moladh duine úasail a thug dídean do – “Lá is mé tríd an tír ag taisteal” – atá mí-chosamhail ar fad le formhór na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Mínteoga, Co. Chiarraí