School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go Sasana agus gur chómhnuigh sé i Lonndan ar feadh i bhfad ach níl éin deimhniú againn gur fhág sé Éire, taobh amuich de “beo-chaoineadh” do cheap a dhian-chara Seán Ó Túama an Ghrinn mar gheall ar an imtheacht thar fairrge, agus tagairt a dhein sé féin do bheith i gcrích tar lear. Do chabhruigh Seán Clárach go mór le filidheacht agus le Filí na Mumhan. Bhíodh tionól de na filíbh ag a tig chun cúrsaí na h-Éigse do chuir tré chéile.
Nuair a bhí sé óg do bhí sé go mór le cuid de na filíbh ba mhó clú i gCo. Corcaighe. Bhíodh tionól ag Filíbh na Mumhan i dtigh tábhairne Sheain Uí Túama ar bhrúach an Máighe an úair sin agus ba gnáth le Seán Clárach dul ar thríall ortha. Fear léigheanta ab eadh é, agus bhí eolas maith aige ar an laidin agus ar an ghréigis agus ar an mbéarla do réir gach cúntas. File binn ab eadh Seán Clárach.
Níor sgríobh sé éinní ríamh chuirfeadh áthas ar croidhe an léighetheora. Is follus ó n-a chuid filidheachta gur fhear fearamhail, neamh-spleádhach, neamh-eaglach é. Núair a bhí sé ar fán agus tóir air do sgríobh sé amhrán ag moladh duine úasail a thug dídean do – “Lá is mé tríd an tír ag taisteal” – atá mí-chosamhail ar fad le formhór na(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry