Scoil: Gort na Cloiche (Rockfield) (uimhir rolla 14025/6)

Suíomh:
Gort na Cloiche Meánach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donnchadh Ó h-Éaluighthe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Cloiche (Rockfield)
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 8/
    Sgéul
    Bhí caisleán in Oileán Ciarruidhe fadó, agus do chosan’ Iarla Deasmhúan darb’ ainm dó Mac Gearailt é i gcoinnibh saighdiúirí Cromwell. Do tugadh cath fiochmhar ann agus do briseadh ar saighdiúirí an iarla. Do bhí cómhacht éigin ag an Iarla, agus bhí ar a chumas é féin d’aistriú i bhfuirm gé fiadhain. D’aithrigh sé é féin an lá san agus d’eirig sé san aeor ar an gCaisleán. Níorbh bhféidir dó é féin d’aistriú tar nais arís. Bíonn aonach in Oileán Ciarruidhe ar an gcéud lá de Lughnasa mar chuimhneacháin.
    Seasuigheann na daoine go léir in áit áirighthe ins an baile an lá san agus timcheall lár an lae tagann ceo trom timcheall an baile agus bionn an Iarla ag eitilt ins an Spéir agus deireann na daoine go léir in aon guth:-
    “Seo chugainn an t-Iarla arís.”
    “Imteacht ge’n oileán, imtheacht gan filleadh go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge